Loading Events

Wednesday 11th – Saturday 21st December

Cois Laoi Productions proudly presents

Cú Chulainn agus an Chocolate Factory

An Irish Language Bilingual Pantomime Le hAntóin Ó Dúllaing
Stiúrtha ag Aisling Nic Cárthaigh

Tagaigí go Cork Arts Theatre an Nollaig seo chun seó spraíúil a fheiscint a bhfuil cos amháin sa traidisiún agus aghaidh ar an dtodhchaí ann. Guíonn Geppetta ar réalta reatha oíche amháin agus faigheann sí a achainí. Buachaill beag óg déanta as adhmad. Is buachaill ceart é Setanta anois! Tar ar an aistear seo le Setanta atá ag iarraidh spota a dh’fháilt ar fhoireann iománaíochta Chorcaí. Tá sé idir dhá thine Bhealtaine áfach, tá seans aige Chocolate Factory a bhuachaint leis! Ná éiríg róchompordach ámh, bhris Na Twisters Daoirse & Saoirse amach as príosún le déanaí agus teastaíonn uathu An Chocolate Factory a ghoid freisin! An mbeidh an seacláideoir Culann in ann an duine ceart a roghnú An Chocolate Factory a rith? Agus an roghnóidh Setanta saol an iománaí agus a mháthair a shásamh nó saol an tseacládóra agus an caidream eatarthu a chur i mbaol?!

Seó spleodrach é Cú Chulainn agus An Chocolate Factory le hAntóin Ó Dúllaing, atá oiriúnach don teaghlach ar fad. Léirithe ag Cois Laoi Productions, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Chorcaí.

“Is sinne na cumadóirí ceoil, agus is sinne aislingigh na naislingí.”Arthur O’ Shaughnessy (Aistrithe ag Antóin Ó Dúllaing)

Cork City’s only Irish language bilingual panto is back! Come to Cork Arts Theatre this Christmas to see a fun-filled show that has elements of tales both past and present. One night Geppetta wishes upon a shooting star and her dreams come true. A young boy made from wood. Setanta is a real boy now! Come on Setanta’s journey who’s trying to snag a spot on the Cork Hurling Team. He finds himself conflicted, when the chance arises to win a Chocolate Factory. But don’t get too comfortable, The Twisters Daoirse & Saoirse have recently broken out of prison and also have eyes on the Chocolate Factory! Will the chocolatier Culann be able to choose the correct person to run his Chocolate Factory? And will Setanta choose the path of a hurler and keep his mother happy or the path of the chocolatier and put their relationship in jeopardy?!

Cú Chulainn agus An Chocolate Factory by Antóin Ó Dúllaing promises to be an exciting display suitable for the whole family. Produced by Cois Laoi Productions, with funding from Foras na Gaeilge and Cork City Council.

“We are the music-makers, and we are the dreamers of dreams.”Arthur O’ Shaughnessy

*For school-bookings please contact the box office directly on 021-4505624.

Tickets: €18, €12 (concessions)
*Booking fees apply.

Cork Arts Theatre

Share This Story, Choose Your Platform!

Go to Top