Loading Events

Saturday 20th May @ 4.30pm

Cork International Poetry Festival
Aneas Showcase

Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe go dtí seo ag Simon Ó Faoláin, an ceann is déanaí Iasachtaigh (Coiscéim, 2022), anuas ar dhá leabhar d’aistriúcháin liteartha. I measc na ngradam atá buaite ag a chuid scríbhneoireachta tá Duais Glen Dimplex, Duais Strong, Duais Bhaitéar Uí Mhaicín, Duais Cholmcille agus Duais Fhoras na Gaeilge. Tá sé ina stiúrthóir ar An Fhéile Bheag Filíochta, féile dhátheangach filíochta in Iarthar Duibhneach, agus ina eagarthóir ar an iris liteartha Gaeilge Aneas.

File agus aistritheoir é Paddy Bushe a bhíonn ag obair as Gaeilge agus as Béarla. Is ball de Aosdána é.
Is iad Obair Bhaile (2021) agus Grá fiar/Crooked love (2022) an dá chnuasach is déanaí atá foilsithe ag Louis de Paor.

Bhuaigh an cnuasach filíochta is déanaí ó Ceaití Ní Bheildiúin, Agallamh sa Cheo – Cnoc Bhréanainn, Gradam Mícheál Ó hAirtnéide 2021.

Tá dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe ag Colm Ó Ceallacháin. Tá cónaí air i gCorcaigh.

Is file, scríbhneoir, agus teagascóir Gaeilge é an Conallach Dubhán Ó Longáin.
Is as Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge í Áine Uí Fhoghlú agus d’fhoilsigh sí a ceathrú cnuasach filíochta, Mná dár Mhair i 2022.

Is file agus údar do pháistí í Eibhlís Carcione. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici Tonn Chlíodhna (2015) Eala Oíche (2019) agus Bean Róin (2023).

File í Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Trá Lí i gCo. Chiarraí. Tá trí bhunchnuasaigh foilsithe aici i nGaeilge ó 2008.

Tickets: €5
*Booking fees apply.

Cork Arts Theatre

Share This Story, Choose Your Platform!

Go to Top